A chairde,

The new translation of the full Ord an Aifrinn is currently awaiting ‘recognitio’. Some texts have been already approved and published in an interim format as Ord an Aifrinn (Veritas 2011). But these do not include many of the texts required for Aifrinn don Chóineartú. The texts given below are therefore a mix of some prayers from An Leabhar Aifrinn (1973) and some new texts from Ord an Aifrinn.

 Among the new texts included below are the greeting, penitential rite, Gloria, phrases and responses during the Liturgy of the Word, the Preface Dialogue, the texts of Eucharistic Prayers II & III, Communion Rite and Dismissal. Other elements of An Cóineartú not carried below remain unchanged.

 We hope they will be useful to you as you prepare for your parish/school celebration of the Sacrament of Confirmation this year.

Le gach dea ghuí,
Dublin Diocesan Liturgy Resource Centre.

*******

 Don Chóineartú

In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.
Amen.

Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.
Agus le do spiorad féin.

A phobal Dé, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne
chun gurbh fhiú sinn na rúndiamhra naofa a cheiliúradh.
Tusa a seoladh chun na daoine atá croíbhrúite a shlánú: A Thiarna, déan trócaire.
Pobal:   A Thiarna, déan trócaire.
Tusa a tháinig  chun glaoch ar na peacaigh: A Chríost, déan trócaire.
Pobal:   A Chríost, déan trócaire.
Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar, chun idirghuí ar ár son:
A Thiarna, déan trócaire.
Pobal: A Thiarna, déan trócaire.
Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn,
go maithe sé ár bpeacaí dúinn,
agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Amen.

 

Glóir do Dhia sna harda,                            (Ní deirtear an Glóir i rith an Charghais)
agus ar talamh síocháin do lucht dea-thola.
Molaimid thú;
móraimid thú;
adhraimid thú;
tugaimid glóir duit;
gabhaimid buíochas leat as ucht do mhórghlóire;
a Thiarna Dia, a Rí na bhflaitheas;
a Dhia, a Athair uilechumhachtaigh.

A Thiarna, a Aon-Mhic, a Íosa Críost
A Thiarna Dia, a Uain Dé, Mac an Athar,
tusa a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn;
tusa a thógann peacaí an domhain, glac lenár nguí.
Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar, déan trócaire orainn.
Óir is tú amháin is Naofa; is tú amháin is Tiarna;
is tú amháin is Ró-ard,
a Íosa Críost,
mar aon leis an Spiorad Naomh i nglóir Dé an tAthair.
Amen.

Urnaí

Guímis.

A Dhia na cumhachta agus na trócaire,
deonaigh an Spiorad Naomh a theacht, seilbh a thógail orainn,
agus teampall foirfe a ghlóire a dhéanamh dínn.
Sin é ár nguí chugat trinár dTiarna Íosa Chríost, do Mhac
a mhaireann agus a rialaíonn leatsa mar aon leis an Spiorad Naomh
ina Dhia, trí shaol na saol.
Amen.

Nó:

Doirt an Spiorad Naomh go lách orainn, a Thiarna,
ionas go mairfimid go léir in aontas an chreidimh,
go neartófar sinn lena charthanacht,
agus go scoichfimid go léir tomhas aois iomlán Chorp Chríost.
Sin é ár nguí chugat trinár dTiarna Íosa Chríost, do Mhac
a mhaireann agus a rialaíonn leatsa mar aon leis an Spiorad Naomh,
ina Dhia, trí shaol na saol.
Amen.

LIOTÚIRGE  AN  BHRIATHAIR

 An Chéad Léacht

L  Briathar an Tiarna
P  Buíochas le Dia

Psalm

An Dara Léacht

L  Briathar an Tiarna
P  Buíochas le Dia

Soiscéal

S  Go raibh na Tiarna libh.
P  Agus le do spiorad féin.
S  Sliocht as na Soiscéal Naofa de réir Naomh A
P  Glóir duit, a Thiarna.
S  Soiscéal an Tiarna.
P  Moladh duit, a Chríost.

An Cóineartú

An Ghuí Chomhchoiteann  (Guí an Phobail)

Liotúirge na hEocairiste
A phobal Dé, guígí,
go nglaca Dia, an tAthair uilechumhachtach,
leis an íobairt seo uaimse agus uaibhse.
Go nglaca an Tiarna leis an íobairt seo ó do lámha,
chun onóra agus glóire a ainm,
agus chun sochair dúinne
agus dá Naomh-Eaglais uile. 

Os cionn na nOfrálacha
A Thiarna, cuir fáilte roimh na searbhóntaí seo leat
atá ag teacht i gcuideachta do Mhic
agus séala a chroise agus a ungtha spioradálta orthú.
Go ndéana siad iad féin a ofráil i gconaí duit
mar abhlann in éineacht leis,
agus go dtuille siad doirteadh breise den Spiorad
in aghaidh an lae.

Sin é ár nguí chughat trí Chríost ár dTiarna.
Amen.

Preafáid an Spioraid Naoimh II

Is féidir an Phaidir eocairisteach seo a úsáid freisin le preafáid an Spiorad Naofa.

S.         Go raibh an Tiarna libh.
P.         Agus le do spiorad féin.
S.         Tógaigíbhur gcroíthe in airde.
P.         Tá siad tógtha in airde chun an Tiarna againn.
S.         Gabhaimis buíochas lenár dTiarna Dia.
P.         Is ceart agus is cóir sin.

 

Is ceart agus is cóir dúinn, go deimhin, is cuí agus is tairbheach,
buíochas a ghabháil leat de shíor agus i ngach áit, a Athair naofa,
a Dhia uilechumachtaigh shíoraí.

Óir tugann tú tabhartais grásta duinn go gach tráth agus séasúr
agus an Eaglais á seoladh agat faoi stiúir d’eagnaíochta.

Thug tú an Spiorad Naomh mar chabhair tréan dúinn i gconaí
ionas go dtiocfaimis faoi do dhéin le grá
agus le hurraim in am an gháthair,
agus go mbeirfimis buíochas ó chroí leat lá an tséin,
trí Chríost á dTiarna.

Molann neamh agus talamh, Aingil agus Ardaingil eisean
agus fógraíonn siad gan stad:

Is Naofa, Naofa, Naofa thú, a Thiarna Dia na Slua.
Tá neamh agus talamh lán de do ghlóir.
Hósanna sna harda.
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.
Hósanna sna harda.

PAIDIR EOCAIRISTEACH II 

A Thiarna, is Naofa thú go fírinneach; is tú tobar na naofachta go léir.
Naomhaigh, mar sin, impímid ort,
na bronntanais seo le drúcht do Spioraid,
chun go ndéanfar díobh inár gcomhair Corp agus † Fuil
ár dTiarna, Íosa Críost.
Nuair a bhí sé á thabhairt suas chun na Páise dá dheoin féin,
ghlac sé an t-arán, agus ag gabháil buíochais leat, bhris,
agus thug dá dheisceabail é, á rá:
GLACAIGÍ AGUS ITHIGÍ UILE AS SEO:
ÓIR IS É SEO MO CHORP
A THABHARFAR AR BHURSON.

Ar an gcaoi chéanna, tar éis an tsuipéir,
ag glacadh na cailíse,
agus ag gabháil buíochais leat arís,
thug sé dá dheisceabail í, á rá:
GLACAIGÍ AGUS ÓLAIGÍ UILE AISTI SEO:
ÓIR IS Í SEO CAILÍS MO CHUID FOLA,
FUIL AN NUATHIOMNA SHÍORAÍ.
DOIRTFEAR Í AR BHURSON
AGUS ARSONMÓRÁIN
CHUN MAITHIÚNAS NA bPEACAÍ.
DÉANAIGÍ É SEO I gCUIMHNE ORMSA.
Rúndiamhair an chreidimh.

Táimid ag fógairt do bháis, a Thiarna,
agus ag comóradh d’aiséirí, nó go dtaga tú.

 Nó:

Gach uair a ithimid an t-arán seo
agus a ólaimid an chailís seo,
fógraímid do bhás, a Thiarna, nó go dtaga tú.

Nó:

A Shlánaitheoir an domhain, slánaigh sinn,
tusa a shaor sinn trí do chros agus trí d’aiséirí.

Nó:

Mo Thiarna agus mo Dhia.

Dá réir sin, a Thiarna Dia,
ag cuimhneamh dúinn ar bhás agus ar aiséirí Chríost,
ofrálaimid duit arán na beatha agus cailís an tslánaithe,
agus gabhaimid buíochas leat
toisc gurbh fhiú leat
sinn a bheith i do láthair agus ag fónamh duit.
Iarraimid go humhal ort go n-aontófar le chéile,
le cumhacht an Spioraid Naoimh,
sinne atá páirteach i gCorp agus i bhFuil Chríost.
Tabhair chun cuimhne, a Thiarna, d’Eaglais ar fud an domhain mhóir
chun go ndéanfá í a neartú sa charthanacht
i gcuideachta lenár bPápa Benedict, agus lenár nEaspag Diarmuid,
agus leis an gcléir uile.
Cuimhnigh freisin ar ár muintir féin
a fuair bás agus iad ag súil le haiséirí
agus orthu siúd uile atá imithe ar shlí na fírinne faoi do ghnaoi
agus fáiltigh rompu isteach i solas do ghlóire.
Déan trócaire orainn uile, impímid ort,
ionas gurbh fhiú sinn a bheith páirteach sa bheatha shíoraí
chun tú a mholadh agus a ghlóiriú
i gcuideachta na Maighdine Beannaithe Muire, Máthair Dé,
na Naomhaspal agus na Naomh uile
a rinne do thoilse riamh anall trí do Mhac Íosa Críost.
Is tríd agus leis, agus ann a thugtar gach onóir agus glóir duitse,
a Dhia, an tAthair uilechumhachtach,
in aontacht an Spioraid Naoimh,
trí shaol na saol.
Amen.

Nó:

PAIDIR EOCAIRISTEACH III

 S.         Go raibh an Tiarna libh.
P.         Agus le do spiorad féin.
S.         Tógaigíbhur gcroíthe in airde.
P.         Tá siad tógtha in airde chun an Tiarna againn.
S.         Gabhaimis buíochas lenár dTiarna Dia.
P.         Is ceart agus is cóir sin.
Leanann an Phreafáid atá le rá de réir na rúibricí agus críochnaíonn sí:
Is Naofa, Naofa, Naofa thú, a Thiarna Dia na Slua.
Tá neamh agus talamh lán de do ghlóir.
Hósanna sna harda.
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.
Hósanna sna harda.

A Thiarna, is Naofa thú go fírinneach,
gach dúil a chruthaigh tú, molann sé thú mar is dual duit,
óir le cumhacht an Spioraid Naoimh,
trí do Mhac, ár dTiarna, Íosa Críost,
déanann tú gach rud a bheochan agus a naomhú,
agus bíonn tú de shíor ag bailiú pobail chugat féin,
ionas go mbeadh íobairt ghlan á hofráil do d’ainm,
ó éirí go luí na gréine.
Impímid go humhal ort, dá bhrí sin, a Thiarna,
go ndeonófá na tabhartais seo,
atá tugtha i do láthair againn le coisreacan duit,
a naomhú tríd an Spiorad céanna,
ionas go ndéanfar díobh Corp agus † Fuil do Mhic,
ár dTiarna, Íosa Críost;
mar is le hordú uaidh a cheiliúraimid na rúndiamhra seo.
Óir an oíche ar tugadh suas é
ghlac sé an t-arán,
agus ag gabháil buíochais leat, bheannaigh,
bhris, agus thug dá dheisceabail é, á rá:
GLACAIGÍ AGUS ITHIGÍ UILE AS SEO:
ÓIR IS É SEO MO CHORP
A THABHARFAR AR BHURSON.
Ar an gcaoi chéanna, tar éis an tsuipéir,
ag glacadh na cailíse, agus ag gabháil buíochais leat, bheannaigh,
agus thug dá dheisceabail í, á rá:
GLACAIGÍ AGUS ÓLAIGÍ UILE AISTI SEO:
ÓIR IS Í SEO CAILÍS MO CHUID FOLA,FUIL AN NUATHIOMNA SHÍORAÍ.
DOIRTFEAR Í AR BHURSON
AGUS ARSONMÓRÁIN
CHUN MAITHIÚNAS NA bPEACAÍ.
DÉANAIGÍ É SEO I gCUIMHNE ORMSA.
Rúndiamhair an chreidimh.

Táimid ag fógairt do bháis, a Thiarna,
agus ag comóradh d’aiséirí, nó go dtaga tú.

Nó:

Gach uair a ithimid an t-arán seo agus a ólaimid an chailís seo,
fógraímid do bhás, a Thiarna, nó go dtaga tú.

Nó:

A Shlánaitheoir an domhain, slánaigh sinn,
Tusa a shaor sinn trí do chros agus trí d’aiséirí.

Nó:

Mo Thiarna agus mo Dhia.

Dá réir sin, a Thiarna,
Cuimhnimid ar pháis do Mhic a shlánaigh sinn,
ar a aiséirí glórmhar agus ar a dheascabháil chun na bhflaitheas,
agus ag feitheamh go muiníneach lena theacht athuair,
ofrálaimid duit, mar chomhartha buíochais,
an íobairt bheo naofa seo.
Féach anuas, impímid ort, ar a n-ofrálann d’Eaglais,
agus ag tabhairt aitheantais don Ofráil
ar thoil leat glacadh léi mar íobairt leorghnímh,
deonaigh go ndéanfar aon chorp amháin agus aon spiorad amháin
i gCríost dínne atá dár gcothú le Corp agus le Fuil do Mhic
agus atá líonta den Spiorad Naomh.
Go ndéana Críost dínn tabhartas foirfe síoraí duitse,
ionas go n-éireoidh linn oidhreacht a bhaint amach
i gcuideachta na muintire atá roghnaithe agat;
sa chéad áit, an Mhaighdean róbheannaithe, Muire, Máthair Dé,
d’Aspail naofa agus do Mhairtírigh ghlórmhara,
(Naomh A. : naomh an lae nó naomhphátrún)
agus na Naoimh uile
a bhfuil lánmhuinín againn as cabhair na hidirghuí
a dhéanann siad go buan os do chomhair.
An Íobairt seo a thugann sinn chun athmhuintearais leat,
go dté sí chun síochána agus chun slánaithe don domhan uile,
impímid ort, a Thiarna.
Go ndeonaí tú d’Eaglais a neartú ar a hoilithreacht ar talamh
i gcreideamh agus i gcarthanacht
mar aon le do sheirbhíseach, ár bPápa Benedict, lenár nEaspag Diarmuid,
le hord na n-easpag agus leis an gcléir uile
agus leis an bpobal uile atá gnóthaithe agat.
Tabhair aird go ceansa ar mhianta an teaghlaigh
atá anseo i do láthair
de réir do thola féin.
As ucht do thrócaire, a Athair chaoin,
aontaigh leat féin do chlann uile,
cibé áit a bhfuil siad scaipthe.
Lig isteach go geanúil i do ríocht ár muintir atá marbh
agus gach duine atá imithe as an saol seo faoi do ghnaoi.
Is é ár ndóchas go mbeimidne ina gcuideachta siúd
ionas go mbainfimid sásamh as do ghlóir, i dteannta a chéile go deo,
trí Chríost ár dTiarna, trína mbronnann tú gach maitheas ar an saol.
Is tríd agus leis, agus ann a thugtar gach onóir agus glóir duitse,
a Dhia an tAthair uilechumhachtach,
in aontacht an Spioraid Naoimh,trí shaol na saol. Amen.

Deasghnáth na Comaoineach
Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú
agus briathar Dé dár dteagasc,
tá sé de mhisneach againn a rá:
Ár nAthair atá ar neamh,
go naofar d’ainm,
go dtaga do ríocht,
go ndéantar do thoil ar an talamh,
mar a dhéantar ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha,
mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin,
agus ná lig sinn i gcathú,
ach saor sinn ó olc.

Saor sinn ó gach olc, impímid ort, a Thiarna.
Tabhair dúinn go cineálta síocháin lenár linn,
ionas go mbeimid, le cúnamh do thrócaire,
saor ón bpeaca i gcónaí
agus slán ón uile bhuairt
agus sinn ag súil leis an dóchas naofa
agus le teacht ár Slánaitheora, Íosa Críost.
Óir is leatsa an ríocht
agus an chumhacht agus an ghlóir
trí shaol na saol.

A Thiarna Íosa Críost, a dúirt le d’Aspail:
Fágaim síocháin agaibh,
tugaim daoibh mo shíocháin:
ná féach ar ár bpeacaí-ne
ach ar chreideamh d’Eaglaise;
deonaigh síocháin a thabhairt di agus í a aontú,
faoi mar is toil leat féin, tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
Amen.                                         

Síocháin an Tiarna libh i gcónaí.
Agus le do spiorad féin.
Ofrálaigí comhartha síochána dá chéile.

A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, tabhair dúinn síocháin
Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain.
Is méanar dóibh siúd a fuair cuireadh chun séire an Uain.
A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon,
ach abairse an focal
agus leigheasfar m’anam.

An Iarchomaoineach

Guímis.
A Thiarna, an mhuintir a d’ungaigh tú leis an Spiorad Naomh,
chothaigh tú iad le sacraimint do Mhic.
Tar i gcabhair orthu feasta le do bheannacht
agus saor iad ó gach anachain:
go gcuire siad lúchair ar an eaglais lena naofacht
agus chun cinn í lena mbearta agus lena ndéirc.
Sin é ár nguí chughat trí Chríost ár dTiarna.
Amen.

An Deasghnáth Deiridh

Go raibh an Tiarna libh.
Agus le do spiorad féin.
Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh,
Athair, Mac agus † Spiorad Naomh.
Amen.

Imígí faoi shíocháin ag glóiriú an Tiarna le bhur mbeatha.
Buíochas le Dia.