Liotúirge an Bhriathair–  Naomh Pádraig 2015 Easpag agus Príomhéarlamh na hÉireann 1. Sliocht as leabhar Iarimia fáidh [1:4-9]: Tháinig briathar an Tiarna chugam, á rá: “Sular chum mé thú sa bhroinn bhí aithne agam ort; sular rugadh thú choisric mé thú; d’ordaigh mé thú i d’fháidh do na ciníocha.” Ansin dúirt mise: “Ó a Thiarna Dia, féach, ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.” Ach dúirt an Tiarna liom: “Ná habair, ‘Is leanbh mé.’ Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú, agus cibé ní a ordóidh mise duit, déarfaidh tú é. Ná bíodh faitíos ort rompu, óir tá mise leat agus tusa faoi mo choimirce, is é an Tiarna a labhraíonn.” Ansin shín an Tiarna a lámh amach agus bhain le mo bhéal agus dúirt liom: “Féach, táim ag cur mo bhriathra i do bhéal.” Briathar an Tiarna.   Buíochas le Dia.

            Salm le Canadh :  Imígí Faoin Domhain uile. Fógráigí an Dea-Scéal.

  1. Sliocht as litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh [10:9-18] Má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mbairbh é, slánófar thú. Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn. Agus deir an scrioptúr: “Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.” Mar níl aon dealú idir Giúdach agus Gréagach mar is é an t-aon Tiarna amháin atá orthu go léir agus caitheann sé go flaithiúil lena nglaonn air, “mar gach aon duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.” Ach conas a ghlaofaidís ar an té nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfidís sa te nár chuala siad trácht air? Agus conas a chloisfidís trácht air gan duine á fhógairt dóibh? Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar atá scríofa: “Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.” Ach ní gach aon duine a ghéill don dea-scéal, de réir mar a deir Íseáia: “A Thiarna, cé a chreid ár dteagasc?” Is ó theagasc a thagann an creideamh, mar sin, agus is trí sheanmóireacht Chríost a thagann an teagasc féin. Ach ceist agam: An é nár chuala siad an scéala? Chuala go deimhin mar “chuaigh a nglór amach ar fud an domhain go léir agus a mbriathra go himill na cruinne.”

Briathar an Tiarna. Buíochas le Dia.

An Soiscéal

Go raibh anTiarna libh.

Agus le do spiorad féin.

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas   [16:15-20] Glóir duit, aThiarna.

San ám sin thaispeáin Íosa é féin don aonar déag agus dúirt leo: “Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile. An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach gcreidfidh, daorfar é. “Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i m’ainmse, labhróidh siad i dteangacha nua; tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad aon deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóíbh; leagfaidh siad a lámha ar easláin, agus beidh siad ar fónamh.” Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé. Ach iad siúd, d’imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é. Soiscéal Dé.  Moladh duit, a Chríost.